¶ Dá mbeiṫ go ndéanaḋ peacaċ olc céud uáir, agus go ḃfaideoċuiḋ a láeṫe, giḋeaḋ go deiṁin atá fios agam go mbeiṫior go maíṫ ag an ndruing eagluiġios Día, noċ air a mbí eagla dá laṫair:
Oír is íad mo láṁa féin do rinne gaċ aoin ní ḋioḃsin, agus do ḃádar na neiṫesin uile, a deir an TIĠEARNA: aċt is don tí so ḟéuċfus misi, eaḋon don tí atá boċt agus brúiġte a spioraid, agus ċrioṫnuiġios rem ḃreíṫir.
Uime sin bioḋ faitċeas oruinn, deagla, ar dtréigean na geallaṁna uáir ár biṫ ré ḋul a steaċ na ṡuáiṁnios, go measfuiḋ áoinneaċ aguiḃse ḃeiṫ air fágḃáil.
Agus dá ngoiriḋ siḃ Aṫair don tí do ní breiṫeaṁnus do réir gníoṁa gaċ aóin gan féuċain do ṗearsuinn seaċ a ċéile, caiṫiḋ aimsir ḃur noilirṫe maille ré faitċeas: