Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 28:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 A nuáir ġáirdiġid na daoine ionnraca, bí glóir ṁór annsin: aċt a nuáir éirġios an cointaċ, folċaiḋ duine é féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 28:12
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ ar hinnseaḋ dom ṫiġearna cred do rinne mé a núair do ṁarḃ Iesebel fáiġe an TIĠEARNA, mar do ḟóluiġ mé céud fear dfaiġiḃ an TIĠEARNA na ccáogad a núaṁuiġ, agus mar do ḃeaṫaiġ mé íad lé harán agus lé huisge?


Agus a núair do ċonnairc seision sin, déiriġ sé, agus dimṫiġ ar son a anma, go ttáinic go Beer‐séba, noċ ḃeanas ré Iúdah, agus dfág a óglaċ annsin.


Agus air an treas lá fiṫċiod don tseaċdṁaḋ mí doċuir sé an pobal úaḋ da ttiġṫiḃ, lúaṫġáireaċ súgaċ a ccroiḋe ar son na maiṫeasa do ṫaisbéin an TIĠEARNA do Ḋáiḃi, agus do Ṡolaṁ, agus dá ṗobal Israel.


A nuáir ḃiṫear go maiṫ ag na fíréanaiḃ, gáirdiġiḋ an ċaṫair: agus a nuáir marḃṫar an droċḋuine, bí lúaṫġáire ann


A nuáir éirġid na droċḋaoine, folċuid na daoine íad féin: aċt a nuáir imṫiġid seaċad, líonuid na fíréin.


Gáirdiġ an pobal, a nuáir ḃíd na fíréin a ccuṁaċt: aċt a nuáir ḃíos úaċtaránaċt ag an droċḋuine, osnaiġe an poball.


¶ A ṁairg ḋuit, a ṫír, a nuáir is leanaḃ do ríġ, agus iṫid do ṗrionnsuiḋe bíaḋ ar maidin!


Annsin a dúḃradar na prionnsaḋa ré Baruċ, Imṫiġ, foluiġ ṫú féin, ṫusa agus Ieremiah; agus ná bíoḋ a ḟios aig áoinneaċ cáit a mbeiṫí.


Aċt daiṫin an ríġ do Ierahmeel ṁac Hammeleċ, agus Seraiah ṁac Asriel, agus Selemiah ṁac Abdiel, Báruċ an scríoḃuiḋe do ġaḃáil agus an fáiġ Ieremiah: aċt dfoluiġ an TIĠEARNA íad.


Rioṫuiḋsi síos agus súas ar feaḋ ṡráideaḋ Ierusalem, agus féuċuiḋ anois, agus bíoḋ a ḟios agaiḃ, agus íarruiḋ iona háitiḃ fairsionga, an ḃfuiġṫí duine, an ḃfuil neaċ do ní breiṫeaṁnus, íarrus a nfírinne; agus do ḃéara misi maiṫeaṁnus ann.


Os a ċionn sin, a aṫair, féuċ, féuċ fós, sciorta do róba am láiṁ: óir as so gur ġearr mé iaċtar do róba, agus nar ṁarḃ mé ṫú féin, aiṫin agus féuċ naċ ḃfuil olc nó urċóid am láiṁ, agus nar ċiontuiġ mé ad aġaiḋsi; aċd atá tusa ag fíaḋaċ ar manumsa ċum a ġaḃála.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ