Agus do éiriġ Abraham súas go moċ ar maidin, agus do ġlac arán, agus buidél uisge, agus tug sin do Hágar, agus do ċuir ar a gualuinn é, agus an leanaṁ, agus do ċuir ar siuḃal í: agus do imṫiġ sí, agus do ḃi ar fud ḟásuiġ Ḃeerséba.
Ann sin a duḃairt Ṗárao ris, Aċt cred is easḃuiḋ ḋuit am ḟoċairsi, féuċ, as a níarran tú dul dot ṫír féin? Agus do ḟreagair seision, Ni heaḋ: aċd ar a ṡonsin léig ḋaṁ imṫeaċd ar gaċ éanċor.
¶ Agus ṫáinic sé annsin go húaṁuiġ, agus do rinne sé coṁnuiḋe ann; agus, féuċ, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċuige, agus a duḃairt ris, Cred atá tú ḋéanaṁ annso, a Elias?
Aċt deiriġ Iónah súas do ṫeiṫeaṁ go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA, agus do ċuáiḋ sios go Ioppa; agus fuáir lóng ag dul go Tarsis: marsin do ḋíol sé ar son a ḃeirṫe ṫairis, agus do ċuáiḋ innte síos, do ḋul leó go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA.
¶ Agus a duḃairt an fáiġ Gad re Dáiḃi, Ná fan annsa dáingion úd; imṫiġ as so, agus éiriġ go tír Iudah. Ann sin do imṫiġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ go foraóis Haret.