Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.
Is marso a deir an Tiġearna DIA; Aṫruiġ an banna ríoġaṁuil, agus beain díot an ċoróin: ní buḋ hí so an ccéadna: árduiġ an té is ísiol, agus ísliġ an té is árd.
Ní mó ḟeadfas a nairgiod nó a nór a sáoraḋ a ló ḟeirge an TIĠEARNA; aċt sluigfiġear an talaṁ uile le teine a éuda: óir cuirfiḋ sé deireaḋ deiṫneasaċ leis a nuile ḋuine dá náitreaḃann san tir.
Aċt anois ní ṡeasfuiḋ do rioġaċd: díarr an TIĠEARNA duine ḋó féin do réir a ċroiḋe féin, agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋé ḃeiṫ na ċaiptin os cionn a ḋaoine, do ċionn nar ċoṁéad tusa an ní do ḟuágair an TIĠEARNA ḋuit.