¶ A ndiáiġ án ní si níor ḟill Ieroboam ó na ḋroiċṡliġe, aċd do na daóiniḃ ba hísle do rinne a rís sagairt do na háitiḃ árda: giḋ bé ler ḃáill, do ċoisreagaḋ seision é, ċum ḃeiṫ na ṡagairt na náiteaḋ árd.
Agus do éiríġ Ṗárao san noiḋċe, é féin agus a ṁuinntir uile, agus na Hégiptiġ uile, agus do ḃí gaír ġuil ṁóir san Négipt; oir ní raiḃ tiġ gan duine marḃ ann.
Agus do hinnseaḋ do ríġ na Hégipte gur ṫeiṫeadur an pobal: agus do cláoċlóiḋeaḋ croiḋe Ṗarao agus a ṁuinntire a naġuiḋ an ṗobuil, agus a duḃradar, Créad fá ndearnamar so? as ar léigeamar Israel dimṫeaċd as ar serḃis?
O a ṪIĠEARNA, naċ ḃfúilid do ṡúile air an ḃfírinne? do ḃuáil tú íad, aċt ní raiḃ doilġios orra; do ḋíoḃáiḋ tú íad, aċt do ḋíultadar smaċd dó ġlacaḋ: do rinneadar a naiġṫe ní as cruáiḋe ná carruic; do ḋíultadar filleaḋ.
Agus a núair do hinnseaḋ sin do Ṡaul, do ċuir sé teaċda eile uaḋ, agus rinneadarsan fáiġeadóireaċd mar an gcéadna. Agus do ċuir Saul teaċda úaḋ a rís an treas úair, agus do rinneadarsan fós fáiġeadóireaċd