Ná tugaiḋ éisteaċd do Heseciah: óir is mar so deir ríġ na Hassíria, Déunuiḋ réiteaċ riomsa maille re coṁuiḋ, agus tigiḋ amaċ ċugam, agus annsin iṫeaḋ gaċ áon aguiḃ dá ḟíneaṁuin féin, agus gaċ áon da ċrann fíge, agus iḃeaḋ gaċ áon duisge a ṫobair féin:
Agus a duḃairt Iehosaṗat, Naċ ḃfuil annso fáiġ leis an TTIĠEARNA, go ḃfiafruiġeamis aigan TIĠEARNA ris? Agus do ḟreagair duine do ṁuinntir ríġ Israel é agus a duḃairt, Atá annso Elisa mac Saṗat, noċ do ḋóirt uisge ar láṁuiḃ Elias.
Aċt do ċúaiḋ seision asteaċ, agus dó ṡeas a laṫáir a ṁaiġistir. Agus a duḃairt Elisa ris, Cáit as a ttáinic tusa, a Ġehasi? Agus a duḃairt seision, Ní ḋeaċaiḋ hóglaċ a néan ḃall.
Ann sin do ġlac Háman an téadaċ agus an teaċ, agus déaduiġ sé Mordecai, agus ṫug leis ar marcuiġeaċt ṫríd sráid na caiṫreaċ é, agus dfúagair roiṁe, Is mar so do ḋéantar ris an nduine is mían leis an ríġ donóruġaḋ.
Féuċ, mar atáid súile na seirḃíseaċ ċum láiṁe a maiġistir, mar atáid súile banógluiċ ċum láiṁe a maiġistreása; is mar sin atáid ar súilene ċum an TIĠEARNA ar Ndia, no go raiḃ sé grásaṁuil dúinn.
Ná héistiġ re Heseciah: oir is marso a deir ríġ na Hassíria, Déanaiḋ réiteaċ riomsa maille re cúṁa, agus tigiḋ amaċ ċugam: agus iṫeaḋ gaċ aon aguiḃ dá ḟíneaṁuin, agus gaċ aon da ċrann fíge, agus iḃiḋsi gaċ áon aguiḃ uisge a ṫiubraide féin;
Is beannaiġe na searḃḟoġantaiḋe úd, do ġeiḃ an tiġearna ag déanaṁ faire an tan do ṫig sé: a deirim riḃ go fírinneaċ, go gccangalfuiġ sé é féin timċioll, agus go gcuirfiḋ sé iádsan na suiḋe ċum biḋ, agus ar dteaċd amaċ ḋó go ndéanuiḋ sé fríoṫólaṁ ḋóiḃ.
Agus a duḃairt an Tiġearna, Cía atá na ḟeaḋmannaċ ḟírinneaċ ġlic, ċuirfeas a ṫiġearna ós cionn a ṁuinntie féin, ionnus go dtioḃraḋ sé a miosúr biḋ ḋóiḃ na am fein?
A né náċ ḃfuil a ḟios aguiḃ an dream ṡaoṫruiġeas a dtimċeall na neiṫeann náoṁṫa go níṫid síad do neiṫiḃ an teampoill? agus an dream ḃíos do ġnáṫ ag friṫeólaḋ na haltóra go ḃfaġaid cuid ranna don naltóir?
Cía ṫéid ċum cogaiḋ uáir ar biṫ ar a ċosdús féin? cía ċúireas fíneaṁuín, agus naċ íṫeann féin dá ṫoraḋ? nó cía ḃeaṫuiġeas tréud, agus naċ blaiseann do ḃainne an tréuda?
A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal sna huile neiṫiḃ don druing is maiġisdriḋe oruiḃ do réir na feóla; ní a seirḃís súl, mar luċd do ní toil na ndaóine; aċd maille re neaṁurċóid ċroiḋe, ar mbeiṫ eaglaċ ḋíḃ roiṁe Ḋía:
A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal dá ḃur máiġisdriḃ maille ris a nuile ḟaitċeas; ní hé aṁáin do na máiġisdriḃ maiṫe déaġċróiḋeaċa, aċd fós do na droċ ṁáiġisdriḃ.
Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.