3 Málóid do neaċ, srían do nassal, agus slat do ḋruim a namadain.
Ná bíṫí mar a neaċ, nó mar an múille, ag naċ ḃfuil tuicsi: is iníaḋta a ḃéul re béulṁaċ agus re srían, deagla go ttiucfaḋ sé a ngar ḋuit.
Do ġeiḃṫior eagna a mbéul an té agá mbí tuigse: aċt atá slat a ccoinne ḋroma an té ḃíos a néagṁuis tuigsiona.
Is mó ṫéid aċṁusán a steaċ a nduine ċríonna na céad buille ann amadán.
Buáil an tarcuisneaċ, agus do ḃéara an simpliḋeaċ aire: agus iomaiṫḃír an té agá mbí tuigsi, agus tuigfiḋ sé éolus.
Atá breiṫeaṁnus ullaṁ fá ċoṁair na dtarcuísneaċ, agus scíursaḋa do ḋruim na namadán.
Bíoḋ go mbrúiġfeá amadán a moirtéul a measg ċruiṫneaċta lé pestel, ṫairis sin ní ḋeileoċuiḋ a amadánaċd ris.
Créud is áill liḃ? an lé sgíursa ṫiucfas mé ċugaiḃ, no ré graḋ, agus ré spioraid ċeannsaċda?
Agus agá ḃfuil díoġaltus ullaṁ ré ḋéunaṁ ar a nuile easúṁlaċd, an tan ċoiṁlíontar ḃur núṁlaċdsa.
Do réuṁráiḋ mé, agus réúṁráiḋim, an dara huair, aṁuil as do ḃéinn ḃur láṫáir; agus ar mbeiṫ ḋaṁ as ḃir laṫair sgríoḃuim a nois ċum na druinge do ṗeacuiḋ roiṁe so, agus ċum na coda eile uile, dá dtigiḋ mé a rís, ní ċoigeólad siḃ: