27 Giḋ bé ṫoċlas poll tuitfe sé féin ann: agus an té iompoiġios cloċ, fillfiḋ sí air féin.
Marsin do ċroċadar Háman ar an ccroiċ do rinne sé do Ṁordecai. Annsin do sguir fearg an ríġ.
Aċt a núair ṫáinic Ester a laṫair an ríġ, daiṫin se le litreaċaiḃ an droiċṫionnsgnaṁ, do ṫríall sé a naġaiḋ na Niúduiġeaḋ, dfilleaḋ ar a ċeann féin, agus é féin agus a ṁic do ċroċaḋ san ccroiċ.
Do ní an ciontaċ iona úaḃar gérleamnhuin air an mboċd: go ngaḃṫar íad annsna cealguiḃ noċ do smuáineadar féin.
Dullṁuiġeadar líon a ccoinne mo ċoiscéimiġ; do ċláon manam síos: do ṫoċladar log roṁam, do ṫuiteadar féin iona ṁeaḋón. Selah.
Do sluigeaḋ síos na geinte annsa ċlais noċ do rinneadar: annsa líon noċ do ḟoluiġeadar do gaḃaḋ a ccos féin.
Giḋ bé ḃéaras air an ḃfíréun seaċrán do ḋéanaṁ a ndroiċṡliġe, tuitfiḋ sé féin iona ṗoll: aċt biáiḋ neiṫe maiṫe a seilḃ an díriġ.
Géaḃuid a éaigcearta féin an ciontaċ, agus coinneoċṫar é lé córduiḃ a ṗeacaiḋ.
An té ṫoċlas poll tuitfiḋ sé féin ann; agus giḋ bé ḃrisios fál, goirteoċuiḋ naiṫir niṁe é.
A ṁairg don ċiontaċ! óir is olc ḃeiṫior aigesion: óir do ḃéarṫar lúaċ sáoṫair a láṁ féin dó.
Oír do sgriosaḋ Ierusalem, agus do ṫuit Iúdah, do ċionn go ḃfuil a tteanga agus a ngníoṁa a naġaiḋ an TIĠEARNA, dfadóġ fa ṡúiliḃ a ġlóire.