20 A náit naċ bí connaḋ ar biṫ, ṫéid an teine as: marsin a náit naċ bí an cogarnaċ, coisgiḋ an ċeannairg.
Síolċuiriḋ an duine ceannairgeaċ imreasuin: agus dealuiġiḋ an cogarnaċ na cáirde disle ó ċéile.
Teilg amaċ an tarcuisneaċ, agus raċaiḋ an ceannairg amaċ; scuirfiḋ fós, an timreasan agus an ṁasla.
Atáid bríaṫra an ċogarnuiġ aṁuil cneaḋa, agus tiaġuid síos don ċuid is fíríoċtaruiḋ don ḃolg.
¶ Ní imeoċuiḋ tú síos agus súas aṁuil scéaluiġe a measg do ḋáoine: ní mó ṡeasfas tú a naġaiḋ ḟola do ċoṁarsann: misi an TIĠEARNA.
As áṁluiḋ sin as ball beag an teanguiḋ, agus do ní morḋáil ṁór. Feuċ, créud é méud a naḋḃair lasas ré teine ḃig!
Agus as teine an teanguiḋ, doṁan na héugcora: as mar sin atá an teanguiḋ ar na suíġeaḋ a measg arm ball, go salċann an corp uile, agus go gcuireann air lasaḋ sdaid ar mbeaṫa ó ġeintear sinn; agus is ó ifrion lastar í.