Filltiḋ a ḃfuilsion uimesin ar ċeann Ióab, agus ar ċeann a ṡleaċda go bráṫ: aċt air Ḋáiḃi, agus air a ṡlioċd, agus air a ṫiġ, agus air a ċaṫaóir ríoġa, biaiḋ sióṫċáin go bráṫ ón TTIĠEARNA.
Ann sin do aiṫin an ríġ do Ḃenaiah ṁac Iehoiada; noċ do ċuáiḋ amaċ, agus do ṫiomáin air, go ḃfuair sé bás. Agus do daingniuġaḋ an rioġaċd a laíṁ Ṡolaiṁ.
Agus daingneoċar an ċaṫaoir rioġa a ttrócaire: agus suiḋfiḋ sé innte a ḃfírinne a ttabernacuil Ḋáiḃi, ag breaṫnuġaḋ, ag iarruiḋ breiṫeaṁnuis, agus ag deifriuġaḋ an ċeirt.
Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.