3 Atá an flaiṫeaṁnus air áirde, an talaṁ ar ḋoiṁne, agus croiḋe an ríġ doscrúdtaiġ.
¶ Agus ṫug Día gliocus agus tuigsi do Ṡolaṁ go hanṁór, agus fairsinge ċroiḋe, aṁuil mar ḃíos an gainioṁ atá ar ṫraíġ na fairge.
Aċt mar atá áirde na neaṁ ós cionn na talṁan, atá a oineaċ ċomór sin don luċt air a ḃfuil a eagla.
Isí glóir Dé ní do ċeilt: aċt isé onoir na ríoġ cúis do spíonaḋ amaċ.
Bain an salċar as a nairgiod, agus tiocfuiḋ sóiṫeaċ amaċ don ċéard.
Oír fa mar is áirde na neaṁa ná an taláṁ, is marsin is áirde mo ṡliġṫesi ná ḃur sliġṫesi, agus mo smuáintiġṫe ná ḃur smuáintiġṫe.
Iárr coṁarṫa ar do ṪIĠEARNA Día; íarr é ann san doiṁne ṡíos, nó annsa náirde ṡúas.
Ná lé hairde, ná lé doiṁne, ná lé creatúr ar biṫ eile, sinne ḋéaluġaḋ ó ġráḋ Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtiġearna.
Ionnus go ḃfuiġṫiġ dearḃaḋ ḃur gcreidiṁ, is rouáisle na ór ṫéid air neiṁní, bíoḋ go ndearḃṫar é lé teine, na ṁolaḋ agus na onóir agus na ġlóir an tan ḟoillseóċas Iósa Críosd é féin: