27 Ní maiṫ mórán meala diṫe: marsin ní glóir do ḋaoine a nglóir fein do spíonaḋ.
An ḃfuáir tú mil? iṫ an ṁéid is lór ḋuit di, deagla go mbeiṫeá líonta ḋe, agus go sceiṫfeá í.
Isí glóir Dé ní do ċeilt: aċt isé onoir na ríoġ cúis do spíonaḋ amaċ.
Molaḋ neaċ oile ṫú, agus nar bé do ḃéul féin; coiṁṫiġeaċ, agus nar biad do ṗuisíne féin.
Oír giḋ bé árduiġeas é féin ísleóċṫar é; agus giḋ bé ísliġeas é féin, áirdeóċṫar é.
Cionnas as eídir liḃsi creideaṁ, an tan ġaḃṫáoi glóir ó a ċéile, agus naċ iárrṫáoi an glóir ṫig ó Ḋía na áonar?
Go deiṁin ní hiomċuḃaiḋ ḋáṁsa mórḋáil do ḋéanaṁ. Oir tiucfuiḋ mé ċum taiḃreaḋ agus taisbéunaḋ an Tiġearna.
Atáim míċeilliḋe ré déunaṁ mórḋála; is siḃse do ċóiṁéigniḋ mé: oír bá cóir ḋaṁ mo ṁolaḋ uáiḃse: óir ní raiḃ mé a gcáil ar biṫ fáoi an luċd dob áirde do na habsdaluiḃ, bíoḋ naċ ḃfuil éifeaċd ionnam.
Gan éinní tré ċonnsbóid ná tré ġlóir ḋíoṁáoin; aċd a núṁlaċd inntinne measaḋ gaċ áon gur fear neaċ eile na é féin.