Agus do ċoṁráiġ Cáin ré na ḋearḃraṫair Abel; agus tarla ann, a nuair do ḃádar ar an maċaire, gur éiriġ Cáin súas a naġuiḋ Abel a ḋearḃraṫar, agus gur ṁarḃ é.
A ṁic an duine, tóig súas núalġubba ar son Ṗárao ríġ na Hégipte, agus abair ris, Is cosṁuil ṫú ré leoṁan óg do na cineaḋaċaiḃ, agus atá tú mar ṁíol ṁór annsna fairgiḋiḃ: agus ṫáinic tú amaċ led ṡroṫaiḃ, agus do ḃuáiḋir tú na huisgeaḋa led ċosaiḃ, agus do ṡaluiġ tú a naiḃne.
Cía do na fáiḋiḃ nar ḋíḃreadar ḃur náiṫreaċa? agus do ṁarḃadar an dream do réuṁḟoillsiġ teaċd an Táon Firéin úd; agá raḃaḃairse a nois ḃur luċd braṫa agus dúnṁarḃṫa:
Noċ fós do ċuir an Tiġearna Iósa ċum báis, agus na fáiḋe do ḃí aca féin, agus do tinne gérleanṁuin oruinne; agus naċ dtaitneann ré Día, agus atá conntrárrḋa do na huile ḋaóiniḃ: