20 Aṁuil an té ṫógḃas leis éadaċ a naimsir ḋoininne, agus aṁuil ḃinéagra ar nitre, marsin don té ċánas fuinn do ċroiḋe ḋúḃaċ.
Mar ḃíneagra do na fíaclaiḃ agus deataċ do na súiliḃ, marsin ḃíos an lorgánaċ don druing ċuirios úaṫa é.
Is cosṁuil dóiġ a nduine neiṁḋílios a naimsir na buáiḋearṫa re fíacail ḃriste, agus re cois léonta.
Má ḃíonn do náṁaid ocraċ, taḃair arán dó re iṫe; agus má ḃíonn tart air, taḃair uisge ḋó ré a ól:
Aimsir ċum gola, agus aimsir ċum gáire; aimsir ċum dóláis, agus aimsir ċum daṁsa;
Naċ ċum haráin do roinn ar na hocraċaiḃ, agus go ttugṫá dot ṫiġ na boiċt air seaċrán? a nuáir do ċife tú an tárrnoċd, go ḃfoileoċa tú é, agus naċ ḃfoileoċa tú ṫú féin ód ḟeoil féin?
¶ Annsin do ċuáiḋ an ríġ da ṗálás, agus do ċaiṫ sé a noiḋene na ṫrosgaḋ: ni mó tugaḋ aḋḃa ċiúil do laṫair: agus do ċuáiḋ a ċodlaḋ úaḋ.
Bíoḋ gairdeaċus oráiḃ ma ráon ris an muinntir ar a ḃfuil gairdeaċus, agus bígiḋ ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.
Agus sáḃálfuiḋ urnuiġe an ċreidiṁ an teaslán, agus tóigéaḃuiḋ an Tíġearna súas é; agus má rinne sé peacuiġ, do ġeaḃuiḋ sé maiṫeaṁnas ionnta.