19 Is cosṁuil dóiġ a nduine neiṁḋílios a naimsir na buáiḋearṫa re fíacail ḃriste, agus re cois léonta.
Aṁuil an té ṫógḃas leis éadaċ a naimsir ḋoininne, agus aṁuil ḃinéagra ar nitre, marsin don té ċánas fuinn do ċroiḋe ḋúḃaċ.
Oír buḋ díoṁaóin cungnaṁ na Négipteaċ, gan ḃríġ ar biṫ: uimesin déiġ misi ar a ṡonso, Sé a neart fanṁain na ċoṁnuiḋe.
Féuċ, dóṫċusaiġ tú a maide giolcuiġe briste, air a Négipt; noċ má luiġionn duine air, raċas ann a láiṁ, agus ṫollfas í: marsin atá Ṗarao ríġ na Hégipte do gaċ áon ċuirios a ḋóiġ ann.
Ann mo ċéud ċosaintse níor raiḃ áonduine agam, aċd do ṫréigeadar uile mé: nar agrar orrṫa é.