Agus tuilleaṁ fós, do ḃríġ go raiḃ an seanmóntuiġ glic, do ṁúin sé éolus do ġnáṫ don ṗobal; ṫug sé fós aire ṁaiṫ, agus do spíon sé amaċ, agus do ċuir móran seanḟocal a nórduġaḋ.
Annsin ṫáinic Eliacim, ṁac Hilciah, noċ do ḃí ós cionn an tiġe, agus Sebna an scriḃneóir, agus Ioah, ṁac Asaṗ, an cuiṁniġṫeoir, go Heseciah go na néuduiġiḃ réubṫa, agus dinnsiodar ḋó briaṫra Rabsáceh.
Agus do ċuir sé Eliaċim, noċ do ḃí ós cionn an tiġe, agus Sebna an scriḃneóir, agus sinsir na sagart foluiġṫe le saicéadaċ, gus an ḃfáiḋ Isaiah ṁac Amos,
Briaṫar an TIĠEARNA ṫáinic go Micah an Morastiteaċ a laéṫíḃ Iotam, Ahas, agus Heseciah, ríġṫe Iúdah, noċ do ċonnairc sé a ttaoḃ Ṡamária agus Ierusalem.