6 Oír is lé coṁairle ġlic do ḋéana tú do ċogaḋ: agus a niomad na ccoṁairleaċ ḃíos cuṁdaċ.
Ar a naḋḃarsin do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA cosṁuil ré tiġ Ahab: óir dob íad sin a ċoṁairliġ tar eís ḃáis a aṫar da ttáinic a ṁilleaḋ.
A náit naċ bí coṁairle, tuitiḋ an pobal: aċt a niomad na ccoṁairleaċ ḃíos daingean.
Toirmiscṫior tionnscanta a néagṁuis ċoṁairle: aċt a niomad na ccoiṁairleaċ daingniṫear íad.
Daingniġṫear gaċ uile ṫionnsgnaṁ lé coṁairle: agus le coṁairle ġlic déana cogaḋ.
Nó cia an rí raċaḋ do ḋéanaṁ coguiḋ a naġaiḋ ríġ eile, naċ suiḋfeaḋ ar tús, do ḋéanaṁ coṁairle nar ḃéidir leis le deiċ míle teagṁáil don té ṫig na aġaiḋ lé fiċṫe míle?
Do ċóṁraic mé cóṁrac maiṫ, ráinic mé ceann mo ċoiṁleanga, do ċoiṁéid me an creaideaṁ: