33 Beagan codalta fós, néull beag, filleaḋ beag na láṁ air a ċeile ċum codalta:
An té fós ḃíos leasg iona obair is dearḃraṫair é don ṁillteóir ṁór.
Cuiriḋ a nfallsaċt a ccodlaḋ ṫrom; agus fuileonga an tanam díoṁaoin, ocras.
Ná gráḋuiḋ ċoḋlaḋ, deagla go ttiucfá ċum boċtaíne; oscáil do ṡúil, agus saiseoċtar le harán ṫú.
Annsin do ċonnairc mé, agus do ṁeas mé go maiṫ é: dféuċ mé air, agus do ġaḃ mé teagasg.
Marsin tiucfuiḋ do ḃoċtuine mar áon ḃías ar siuḃal, agus do ríaċtanas mar ḋuine armṫa.
Mar iompoiġios an dorus air a ḃacánaiḃ, marsin do ní an fallsán air a leabuiḋ.
¶ Filliḋ a nóinṁiḋ a láṁa fá ċéile, agus iṫiḋ a ḟeóil féin.
Agus sin, ré meas na haimsire, gur miṫiḋ ḋúinn a nois músglaḋ ó ċodlaḋ: óir is goire ḋúinn a nois ar slanuġaḋ na a nuáir do ċreideamar.
Uime sin a deir sé, Músguil a ḋuine átá ad ċodlaḋ, agus éiriġ ó na ṁarḃuiḃ, agus do ḃéura Críosd solas duit.