32 Annsin do ċonnairc mé, agus do ṁeas mé go maiṫ é: dféuċ mé air, agus do ġaḃ mé teagasg.
Cred é an duine, as a ndéantá a ṁéuduġaḋ? agus as a ccuirfeá do ċroiḋe air?
Bíoḋ úaṁan oruiḃ, agus ná déanuiḋ peacaḋ: déanuiḋ coṁráḋ ré ḃur ccroiḋe féin air ḃur leabuiḋ, agus beiṫi socair. Selah.
Agus, féuċ, do ḃí sin uile ar ḃfás ṫairis do ḋosánuiḃ, agus dfoluiġ a neantóg a aġuiḋ, agus do ḃí a ḃalla cloiċe briste sios.
Beagan codalta fós, néull beag, filleaḋ beag na láṁ air a ċeile ċum codalta:
Aċd do ṫaisgiḋ Muire na bríaṫrasa uile, dá mbreaṫnuġaḋ ann a croiḋe.
Agus do ċuáiḋ sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ṫaisgiḋ a ṁáṫair na briaṫra so uile an a croiḋe.
Agus tárla na neíṫesi uile ḋóiḃsion ná neisiompláraiḃ: agus is ċum fógarṫa do ṫaḃairt dúinne ar a rug deireaḋ an doṁuin, do sgrioḃaḋ íad.
Atáid na neiṫesi a nois na néisiompláiriḃ aguinne, ionnus náċ bíaḋ fonn droiċneiṫe orainne, aṁail do ḃí orrṫasan fós.
Agus cluinfid Israel uile sin, agus biáiḋ eagla orra, agus ní déanuid ní ḃus mó éanċoir mar a nolcsa ḃur measc.
Agus cloċfuid lúċd a ċaiṫreaċ uile é lé cloċuiḃ, nó go raiḃ marḃ: mar sin ċuirfeas tú an tolc ar gcúl uáit; agus cluinfiḋ Israel uile sin, agus biáiḋ eagla orra.
O naċ ḃfuilid siád críonna, go ttuigfidís so, lé measfaidís a gcríoċ ḋeiġionaċ!