30 Do ġaḃ mé láiṁ re maċaire an duine ḟallsa, agus láiṁ ré fíneaṁuin an duine gan tuigsin;
Taisbeanfuiḋ misi ḋuit, éist riom; agus an ní do ċonnairc mé foillseoċuiḋ mé é;
Do réir mar do ċonnairc misi, an drong ṫreaḃus éaicceart, agus ċuirios olc, beanaid an ní céadna.
Féuċ so, do spíonamar é, is marso atá; éist é, agus bíoḋ a ḟios agad ar ṁaiṫ riot féin.
Do ċife an fíréun sin, agus biáiḋ lúaṫġaireaċ: agus druidfe a nuile éaigceart a ḃéul.
Do ḃí mé óg, agus a nois atáim áosta; aċt ní ḟaca mé an fíréun ar na ṫréigion, agus a ṡlioċt ag íarruiḋ déirce aráin.
Do ġeiḃṫior eagna a mbéul an té agá mbí tuigse: aċt atá slat a ccoinne ḋroma an té ḃíos a néagṁuis tuigsiona.
An té ṡáoṫruiġios a ḟéarann sáiseoċṫar lé harán é: aċt an té leanas daóine díoṁaóine atá sé gan tuigsi.
Bí mían air anam an ċlaḋaire, agus ní ḟaġann aoinní: aċt do ḋéantar anam an dúṫraċtaiġ méiṫ.
Aċt giḋ bé do ní aḋaltrannas ré mnaói ata miṫuigsionaċ: an té do ní sin scriosuiḋ sé a anam féin.
¶ Le hiomad leisge tuitiḋ an foirgneaḋ; agus tre ḋioṁaóineas na láṁ siliḋ an tiġ ṫríd.
Do ċonnairc mé na huile neiṫe a laéṫiḃ mo ḋíoṁaóinís: bí duine fíréanta ṫuitios iona ionnracas, agus bí droċḋuine ḟaduiġios a laéṫe iona olc.