Ann sin do ċúadar trí ṁíle fear do Iúdah go mullaċ na cairge Etam, agus a duḃradar ré Samson, Naċ ḃfuil a ḟios agadsa go ḃfuilid na Ṗilistiniġ na núaċdaránuiḃ ós ar ccionne? cred é so do rinne tú oruinn? Agus a duḃairt seision ríu, Aṁuil is do rinneadar orumsa, marsin do rinne misi orrasan.