Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Sátan, Nar ṁeas tú móglaċ Iób, naċ ḃfuil áon cosṁuil ris air an ttalaṁ, duine iomlán díreaċ, áon air a ḃfuil eagla Dé, agus ṡeaċnus olc? agus ċongṁus a iomláine go daingion a ccoṁnuiḋe, bíeḋ gur ċorruiḋ tusa misi na aġaiḋ, ḋá scrios gan aḋḃar.
Má ṗeacuiġeann anum, agus go ndéana sáruġaḋ a náġaiḋ an TIĠEARNA, agus go ndéana bréag ré na ċoṁarsuin ann san ní tugaḋ ḋó a ttaisgiḋ, nó a gcumann, nó rugaḋ uaḋ ar éigin, nó do ṁeall sé a ċoṁarsa;
Nó go ḃfuáir se an ní do ċuáiḋ a muġa, agus go ndéarna bréag dá ṫáoḃ, agus a ṁionna do ṫaḃairt a néiṫeaċ; a néinní ḋíoḃ so do ní duine, iona bpeacuiġeann sé:
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.
Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.