20 Oír ní ḃía luáiġeaċt ag an ndroċḋuine; cuinfiġear coinneal an ċiontuiġ as.
Ná cuireaḋ an té atá meallta a ḋóiġ a ndíoṁaóineas: óir buḋ díoṁaóineas a luaiġeaċt.
Ca ṁionca cuirṫear coinneal na ndroċḋaoine as? agus cá ṁionca ṫig a naiḋṁilleaḋ orra? roinniḋ Día dólás ióna ḟeirg.
Air an cciontaċ fearfuiḋ sé paintéur teine, agus ruiḃ, agus anfaḋ ṫinntiḋe: buḋ é so coṁroinn a ccupáin.
Oír mar an ḃféur gearrfuiġear síos go hobann íad, agus críonfuid mar an luiḃ ġlais.
Cuirfiġear na ciontaiġ go hifrienn, agus a nuile ċineaḋ noċ ḋearmadas Día.
Gáirdiġiḋ soillsi a nfíréin: aċt cuirfiġear lóċrann an ċionntaiġ as.
Ann té agá mbí croiḋe crosta ní ḟaġan sé maiṫ air biṫ: agus an té agá mbí teanga ṁillte tuitiḋ sé a nurċóid.
Giḋ bé ṁalluiġios a aṫair nó a ṁaṫair, cuirfiġṫear a loċrann as a ndorċadas duḃ.
Is peacaḋ, féuċuin árd, agus croiḋe uáiḃreaċ, agus treaḃaḋ na cciontaċ.
Oír is deiṁin go ḃfuil luáiḋeaċt; agus ní géarrfuiġṫear ámaċ do ḋóṫċus.
A ṁairg don ċiontaċ! óir is olc ḃeiṫior aigesion: óir do ḃéarṫar lúaċ sáoṫair a láṁ féin dó.
Agus a duḃradar na hoínṁide an gcuid nglic, Taḃruiḋ ḋúinne cuid da ḃur nola; oír a táid ar lampuiḋene ar ndul as.
Agus teilfiḋṫear clan na ríoġaċda sa dorċadas atá léiṫ a muiġ: biáiḋ ann sin gul agus gearraḋ fíacal.
Garḃṫonna fairge, sgeiṫeas a náire féin aṁuil ċúḃar; réulta seaċráin, fá ċóṁair a ḃfuil an dorċadas fíorḋorċa dá ṫaisge go síorruiḋe.