19 Ná bíoḋ fearg ort ar son na ndroċḋaoine, agus ná bíoḋ tnúṫ órt ris na ciontaċaiḃ;
Is beannuiġ an fear naċ siuḃluiġionn a ccoṁairle na neiṁḋiaḋaċ, naċ seasann a sliġe na bpeacaċ, agus naċ suiġionn a suiġeaċán na ttárcuisneaċ.
Imṫiġiḋ uáim, siḃsi a luċt déanta uilc: agus coiṁéadfad aiṫeanta mo Ḋé.
Na fearguiḋ ṫú féin fá luċd déanta a nuilc, ná bí aingiḋe a naġaiḋ luċda oibriġṫe a néigceirt.
Oír do ṫnúṫaiġ mé rís na hamadanuiḃ, mar do ċonnairc mé síoṫċáin na gciontaċ.
An té ṡiuḃluiġios le daóiniḃ críonna biáiḋ sé críonna: aċt scriosfuiġṫear compánaċ na namadán.
Ná tnúṫuiġeaḋ do ċroiḋe ris na peacaċuiḃ: aċt bí a neagla an TIĠEARNA ar feaḋ an laé uile.
Na bíse aingiḋe a naġaiḋ droċḋaóine, agus ná sanntoiġ ḃeiṫ na ḃfoċair.
Deagla go ḃfaicfeaḋ an TIĠEARNA sin, agus go maḋ míoṫaitneaṁaċ leis é, agus go niompoċaḋ a ḟearg úaḋ.
Agus dó laḃair sé ris an bpobal, gá ráḋ, Guíḋim siḃ, dealuiġe siḃ féin ó lóistíniḃ na ndroċḋáoinese, agus ná buáiniḋ ré héanní is leó, deagla go muirfiḋe siḃ uile iona bpeacuiḃsion.
Uime sin taguiḋ amaċ as a lár, agus dealuiġe ríu, a deir an Tiġearna, agus ná bíoḋ buáin aguiḃ ré ní neaṁġlan; agus géuḃuiḋ misi ċugam siḃ,
Agus ná bíoḋ cumann aguiḃ ré hoibriġiḃ neaṁṫarḃaċa an dorċaduis, aċd go maḋ luáiṫe ríḃ ḋá loċduġaḋ.
Agus do ċúala mé gúṫ eile ó neaṁ ag ráḋ, Tigiḋ amaċ aisde, mo ṗobalsa, deagla ḃeiṫ díḃ pártaċ ré na peacaiḋiḃ, agus pairt dfaġáil díḃ ḋá pláġuiḃ.