Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 24:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Ná lúaṫġáiriġ a nuáir ṫuitfios do náṁaid, agus ná gáirdiġeaḋ do ċroiḋe a nuáir do ġeiḃ sé tuisleaḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 24:17
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do aḋlaiceadar Abner ann Hébron: agus do ṫóg an ríġ a ġuṫ súas, agus do ġuil sé ar uáiġe Abner; agus do ġuil an pobal uile.


Má ġáirdiġ mé ar son millte an té ler ḃfúaṫ mé, nó má ṫóg mé me féin súas a nuáir ṫáinic olc ċuige:


Aċt ann mo ríaċdanas do rinneadarsan gáirdeaċus, agus do ċruinniġeadar íad féin a naonáit: na cioṫruimiġ fós, do ṫionoladar a cceann a ċéile am aġaiḋ, agus ní raiḃ a ḟios agamsa; do réubadar, agas nior sguireadar.


Ná léig dom naiṁdiḃ gáirdeaċus do ḋéanaṁ ós mo ċionn go héagcóraċ: ná léig do luċd mfúaiṫiġṫe gan aḋḃar a súil do ċláonaḋ.


Lé cloiḋeaṁ ann mo ċnáṁuiḃ, scannluiġid meascáirde mé; an feaḋ a deirid riom go láeṫeaṁuil; Cáit a ḃfuil do Ḋía?


Giḋ bé ḟoċṁuiġios an boċt tarcuisniġiḋ sé a Ċruṫaiġṫeóir: agus an té lúaṫġáiriġios fá aṁgar ní ḃiaiḋ sé gan ṗionus.


Deagla go ḃfaicfeaḋ an TIĠEARNA sin, agus go maḋ míoṫaitneaṁaċ leis é, agus go niompoċaḋ a ḟearg úaḋ.


Aċt níor ċóir ḋuit féuċuin air lá do ḋearḃraṫar annsa ló a ndéarnaḋ coiṁṫiġeaċ ḋe; ní mo buḋ déanta ḋuit gáirdeaċus ós cloinn Iúdah a ló a naiḋṁillte; ní mó buḋ laḃarṫa ḋuit go huáiḃreaċ a ló na haindeise.


¶ Ná gáirdiġ am aġaiḋ, ó mo náṁuid: a nuáir ṫuitfios mé, éireoċa me; an tan ṡuiġfios mé a ndorċadus, biáiḋ an TIĠEARNA na ṡolus daṁ.


Agus tárla, a núair do ḃadar a gcroiḋṫe súgaċ, go nduḃradar, Goiríḋ ar Ṡamson, go ndéana sé súgraḋ ḋúinn. Agus do ġoireadar ar Ṡamson as tiġ an ṗríosúin; agus do rinne sé spórt dóiḃ: agus do ṡuiġeadar idir na pilearuiḃ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ