Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.
Agus a sí culuíġ do ḃí uime Eóin éadaċ do rúaiḋneaċ ċáṁall, agus crios leaṫair a ttimċeall a leasruiġ: agus a sé do buḋ bíaḋ ḋó lócuiste agus mil ḟiáin.
Agus do ġlac seision cuid díoḃ ann a láiṁ, agus do ṡiuḃáil roiṁe ḋá íṫe, agus ṫáinic ċum a aṫar agus a ṁaṫar, agus ṫug cuid de ḋóiḃ, agus a dúadarsan sin: aċd níor innis sé ḋóiḃ gur ḃean sé an ṁil as conablaċ an leoṁuin.
Aċt ní ċúala Ionatan a nuáir do ċuir a aṫair na mionna ar na daóiniḃ: uimesin do ṡín bárr na slaite do ḃí na láiṁ, agus do ṫum a gcriaṫar meala, agus do ċuir a láṁ ċum a ḃeóil; agus do ṡoillsiġeadar a ṡúile.