Deagla go laigeoċaḋ ḃur ccroiḋe, agus go neagloċaḋ siḃ leis an sgéul do ċluinfiḋe annsa tír; tiucfa iomráḋ a mblíaḋuin, agus na ḋiáiġsin a mblíaḋuin oile tiucfa iomráḋ, agus foiréigion annsa tír, úaċtarán a naġaiḋ úaċdaráin.
Agus laiḃeoruid na hoifigiḋ tuilleaṁ ris an bpobal, agus déaruiḋ siad, Cia hé an duine atá eaglaċ nó lagċroiḋeaċ? imṫiġeaḋ sé agus filleaḋ sé ḋá ṫiġ, deagla go laigeoċaḋ croiḋe a ḋearḃraiṫreaċ mar a ċroiḋe sion.
As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.
Agus a duḃairt Dáiḃí iona ċroiḋe, Muirfiġear me anois lá éigin le láiṁ Ṡauil: ní ḃfuil ní ḃus féarr ḋaṁ ná imṫeaċd gó lúaṫ go dúiṫċe na Ḃṗilistineaċ; agus raċaiḋ Saul a néadoṫċus dom ṫáoḃ, gan míarruiḋ ó sin amaċ a néanċósta Disrael: agus mar sin imeoċa mé as a láṁuiḃ.