1 Na bíse aingiḋe a naġaiḋ droċḋaóine, agus ná sanntoiġ ḃeiṫ na ḃfoċair.
Is beannuiġ an fear naċ siuḃluiġionn a ccoṁairle na neiṁḋiaḋaċ, naċ seasann a sliġe na bpeacaċ, agus naċ suiġionn a suiġeaċán na ttárcuisneaċ.
Ná cruinniġ manam lé peacaċuiḃ, ná mo ḃeaṫa ré daóiniḃ fuilteaċa:
Na fearguiḋ ṫú féin fá luċd déanta a nuilc, ná bí aingiḋe a naġaiḋ luċda oibriġṫe a néigceirt.
Bí ad ṫoċt don TIĠEARNA, agus déan feiṫioṁ, foiġideaċ air: ná fearguiḋ ṫú féin ris an té ḃíos sona iona ṡliġe, ris an tí noċ ċrioċnuiġios a ḋroċ smuáintiġ.
Oír do ṫnúṫaiġ mé rís na hamadanuiḃ, mar do ċonnairc mé síoṫċáin na gciontaċ.
An té ṡiuḃluiġios le daóiniḃ críonna biáiḋ sé críonna: aċt scriosfuiġṫear compánaċ na namadán.
Ná tnúṫuiġeaḋ do ċroiḋe ris na peacaċuiḃ: aċt bí a neagla an TIĠEARNA ar feaḋ an laé uile.
Ná bíoḋ fearg ort ar son na ndroċḋaoine, agus ná bíoḋ tnúṫ órt ris na ciontaċaiḃ;
Ná bí tnúṫ agad ris an bfoiréigeantaċ, agus ná tóġ áon dá ṡliġṫiḃ.
Ná héiriġ a steaċ a ccasán na gciontaċ, agus ná himṫiġ a sliġe na ndroċḋaóine.
Seaċain é, ná gaḃ láṁ ris, fill úaḋ, agus imṫiġ roṁad.