Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 23:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Biáiḋ tú fós, do nós an té luiḋios síos a meaḋón na fairge, nó mar an té luiġios a mullaċ an ċrainn seóil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 23:34
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Anois do aiṫin Absolon da ṡearḃḟoġantaiġiḃ, ġa ráḋ, Coṁarṫuiġ anois a nuáir ḃías croiḋe Amnon súgaċ o ḟíon, agus a nuáir a déara misi riḃ, Buaíliġ Amnon; annsin marḃuiḋ é, ná bíoḋ eagla oruiḃ: naċ ar áiṫin misi ḋiḃ é? bíġi curata, agus bíġi beóḋa.


Agus do ċoṁċoguir a ṡerḃíseaċ féin Simri, (caiptín leiṫe a ċarbad) na aġaiḋ, an feaḋ do ḃí ag ól a Ttirsah, nó gur ċuir é fein ar meisge a ttiġ Asa stioḃard a ṫiġe a Ttirsah.


Agus le séideaḋ do ṡróna do cruinniġeaḋ na huisgiḋe a ccionn a ċéile, do ṡeasadar na tuilte súas mar ċruaiċ, agus do ceanglaḋ ḋá ċeile na haigéin a ninnṁeaḋon na fairge.


Do ċiṫfid do ṡúile mná coiṁṫiġeaċa, agus laiḃeoruiḋ do ċroiḋe neiṫe neaṁċuḃaiḋ.


Do ḃuaileadar mé, a deir tú, agus ni raiḃ mé tinn; do ġaḃadar orum, agus níor ṁoṫuiġ mé: cá huáir ṁúisceolas mé? íarrfa mé fós a rís é.


Ní cóir do ríoġuiḃ, a Lemuel, ní cóir do ríoġuiḃ fíon dól; nó do ṗrionnsaḋuiḃ deoċ láidir diḃe:


Múscluiḋ, a luċt na meisce, agus guiliḋ; agus nualluiḋ, a uile luċt óla fiona, do ḃríġ a nfíona nuáiḋ; óir do gearraḋ ó ḃur mbéul é.


Oír mar do ḃádar ann sna laéṫiḃ ré udílínn ag iṫe agus ag ol, ag pósaḋ ban agus ag taḃair ban dfearuiḃ, go soiṫe an lá an a ndeaċuiḋ Naói a sdeaċ ann sa naírc,


Aċd taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go mbíaḋ siḃ tromċroiḋ ṫeaċ úair ar biṫ í ċráos, agus ó ṁeisge, agus ó roċúramuiḃ na beaṫasa, agus go dtioċfaḋ an lá úd go hobann oraiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ