Ho, tigeaḋ gaċ uile ḋuine tartṁar, ċum na nuisgeaḋ, agus an té ag naċ ḃfuil airgiod; tigiḋse, ceannċuiḋ, agus iṫiḋ, tigiḋ, fós, ceannċaiḋ fíon agus bainne gan airgiod agus gan lúaċ.
Mar an gcéudna, is cosṁail rioġaċd neiṁe lé cisde ar na ḟolaċ a ḃfearann; noċ tar éis a ḟaġála, do ḟoluiġ duine, agus tríd an ngáirdeaċus do ḃí air ar a ṡon imṫiġiḋ sé agus reacaiḋ sé a ḃfuil aige uile, agus ceannuiḋe sé an fearannsin.
Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin.
Do ḃeirim do ċóṁairle ḋuit ór a ċeannaċ uáimse do dearḃaḋ a dteine, ionnus go mbeiṫeá saiḋḃir; agus éuduiġe geala, ċum a gcur iomad, ionnas naċ buḋ léir gráineaṁlaċd do lomnoċduiġe; agus ung do ṡúile ré foḃairt na súl, ionnus go maḋ lér ḋuit.