22 Eíst red aṫair noċ do ġin ṫú, agus ná tarcuisniġ do ṁaṫair a nuáir ḃías sí áosta.
A ṁic, éisd ré teagasg haṫar, agus ná tréig dliġeaḋ do ṁaṫar:
Do ni mac críonna aṫair lúaṫġáireaċ: aċt tarcuisniġiḋ an duine leaṁ a ṁaṫair.
Bí ginealaċ ann ṁalluiġios a naṫair, agus naċ beannuiġionn a maṫair.
An tsúil do ní magaḋ fa na aṫair, agus ṫarcuisniġios úṁlaċt a ṁaṫar, priocfuid féiċ an ġleanna amaċ í, agus íosuid na hiolair óga í.
A ṁic, coiṁéad aiṫne haṫar, agus ná tréig dliġeaḋ do ṁaṫar:
¶ Biáiḋ eagla ḃur maiṫreaċ, agus ḃur naiṫreaċ aguiḃ (ar gaċ áon ḟear), agus coiṁéaduiġ nó ṡábóid: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
¶ Eíreoċuiḋ tú súas roiṁe an cceann líaṫ, agus onórfuiġ tú aḋuiġ an tseanóra, agus biáiḋ eagla agad roiṁe Ḋía: misi an TIĠEARNA.
Oír a duḃairt Máoisi, Onóruiġ haṫair agus do ṁáṫair féin; agus, Giḋ bé a déara olc ré na aṫair nó ré na ṁáṫair, cuirṫear ċum báis é:
Go ma malluiġ an té ṫarcuisniġios a aṫair nó a ṁaṫair. Agus déara an pobal uile, Amén.