2 Agus cuir scían ċum do scórnuiġ, mas duine ṫú taḃarṫa do ċráos.
Agus do imṫiġ seision, agus tug leis ċum a ṁaṫar iad: agus do rinne a ṁaṫair bíaḋ sóḃlasta, aṁuil dob ionṁuin le na aṫair.
A nuair ṡuiġios tú diṫe biḋ lé húaċtaran, meas go frioċnaṁaċ cred ḃías ad ḟiaḋnuise:
Ná bí a measg ṗótaireaḋ fíona; a measg ġrágaireaḋ líonus íad féin le feóil:
Aċd cuirim fá smaċd an ċolann, agus do ḃeirim fá uṁlaċd í: deagla ar éunċor, ar ndéunaṁ seanmóra do ḋruing eile ḋaṁ, ccuirfiḋ mé féin air ccúl.
Agár ab damnuġaḋ a gcríoċ ḋeiġeanaċ, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ġlóir a náire ḋóiḃ, noċ smuáineas ar neiṫiḃ talṁuiḋe.