Ná léig lé do ḃéul a ṫáḃairt ar ṫfeóil peacuġaḋ; agus na habair a laṫair a naingil, gurab earráid é: créd as a mbeiṫ fearg ar Ḋía fa do ġlórsa, agus obair do láṁ do ṁilleaḋ?
Uime sin fúair an eagluis ar feaḋ ṫire Iúdaiġe agus na Galilé agus na Samária síoṫċain; ar mbeiṫ ḋóiḃ ar na dtogḃáil súas sa gcreideaṁ: agus ag siúḃal a neaglá Dé, agus do ḃádar ar na líonaḋ do ċoṁḟurtaċd an Spiorad Náoiṁ.
Uime sin a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, ar ḃfaġáil na ngeallaṁnaċsa ḋúinn, glanum sinn féin ó uile ṡalċar na féola agus na spioruide, ag críoċnuġaḋ náoṁṫaċda a neagla Dé.
Agus dá ngoiriḋ siḃ Aṫair don tí do ní breiṫeaṁnus do réir gníoṁa gaċ aóin gan féuċain do ṗearsuinn seaċ a ċéile, caiṫiḋ aimsir ḃur noilirṫe maille ré faitċeas: