13 Ná connaiṁ smaċt ón leanaḃ: óir ma ḃuáilionn tú leis an tslait é, ní ḃfuiġe sé bás.
An té ċoiġlios a ṡlat fúaṫúiġioḋ sé a ṁac: aċt an té ler bionnihum é smaċtuiġiḋ sé é go moċ.
Smaċtuiġ do ṁac an fad ḃías dóiġ as, agus ná coigleaḋ hanam é ċum a ṁillte.
Bí leiṁe ceangailte a ccroiḋe leiniḃ; aċt cuirfiḋ slat an smaċtuiġṫe a ḃfad úaḋ í.
Taḃair do ċroiḋe do ṫeagasg, agus do ċlúasa do ḃríaṫruiḃ éoluis.
Do ḃeir an tslat agus an smaċt gliocas uaṫa: aċt do ḃeir an leanaḃ fágṫar taoḃ ris féin náire ḋá ṁaṫair.
Smaċtuiġ do ṁac, agus do ḃéara sé suáiṁnios duit; do ḃéara sé fós, sólas dot anam.
Dá ḃfuilnge siḃ smaċduġaḋ, atá Día ḋá ḟoráileaḋ féin oruiḃ aṁuil air ċloinn; oír cía hé an mac naċ smaċduiġeann an taṫair?