Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 22:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Ríaġluiḋ an saiḋḃir ós cionn na mboċt, agus bí fear airliocṫus na ṡear-ḃfoġantuiġ ag an té ḃeir úaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 22:7
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois do éiġ bean áiriġ do ṁnáiḃ ṁac na ḃfáġ ċum Elisa, ġa ráḋ, Fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ mfear bás; agus atá a ḟios agad go raiḃ eagla an TIĠEARNA air do ṡeirḃíseaċ: agus ṫáinic fear na ḃfíaċ do ḃreiṫ mo ḋeise mac leis dá mbeiṫ fá ḋaóirse aige.


An té ṡáruiġios an boċt masluiġiḋ sé a Ċruṫaiġṫeoir: an té onoruiġios é bí trócaire ann don ḃoċt.


Laḃruiḋ an boċt impiḋeaċa; aċt freagraiḋ an saiḋḃir go garḃ.


An té ṡáruiġios an boċt do ṁéaduġaḋ a ṡáiḋḃriosa féin, agus an té do ḃeir don tsáiḋḃir, tiucfuiḋ sé go deiṁin ċum ríaċdanuis.


Ná slad an boċt, do ḃríġ go ḃfuil sé boċt: ná brúiġ an trúaġan annsa ġeata:


Agus aṁuil mar ḃías, ag an bpobái, is mar sin ḃías ag an tsagart; agus mar ḃías ag an tseirḃíseaċ, seaḋ ḃías ag an maiġistir; mar ḃías ag an ccailín, seaḋ ḃías ag an maiġistreás; mar ḃías ag an cceannuiġe, mair sin ḃías ag an reacadóir; mar ḃías ag a náirlicṫeaċ, is mairsin ḃías ag an té áirlicṫeas; mar ḃías ag an té ġlacas a núsúireaċd, is mairsin ḃías ag an té ḃeir a núsúireaċt dó.


¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Israel, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur reacadar an fíréun air airgiod, agus an ḃoċt ar ṗéire bróg;


Eistiġsi an focalso, a ḃaṫ Básan, atá a slíaḃ Ṡamária, noċ ṡáruiġios an boċt, noċ ċrupas an riaċdanaċ, noċ a deir re na maiġistriḃ, Taḃruiġ, agus iḃeam.


¶ Eistiġ so, a luċt ṡluigios súas na ríaċdanuiġ, eaḋon do ṫaḃairt ar ḃoċtaiḃ a nfearuinn meaṫ,


Ċor go cceinneoċamaóis an boċd le hairgiod, agus an teasḃaḋaċ air ṗéire bróg; fós, go reacam salċar na ccruiṫneaċda?


Agus an tan nar ḃéidir leis na fiáċaso ióc, do aiṫin a ṫiġearna é féin agus a ḃean, agus a ċlann, agus a raiḃ aige, do reic, do ċum na ḃfíaċ do ḋíol.


Aċd tugaḃairse easonóir don ḃoċd. A né naċ déunuid na sáiḋḃir ro iomarcuiġ oruiḃ, agus a né naċ dtairrngid siḃ ċum breaṫeaṁnuis?


Ag súd ċuige siḃ a nois, a ḋaóine saiġḃre, déunuiḋ gul agus uáillfeartaċ, ar son na naṁgar ṫiucfus oruiḃ.


Féuċ, atá túarásdal an luċ oibre do ḃean ḃur nguirt, do ċunnaiṁ siḃ úaṫa tre hengcóir, ag éiġṁe: agus do ċuádar éiġṁe an luċd búana a steaċ a gclúasaiḃ Tíġearna na slóġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ