Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.
Agus múinfiḋe íad dá ḃur gcloinn, ag laḃairt orra a nuáir ṡuiḋfios tú ion do ṫiġ, agus a nuáir ṡiuḃolus tú annsa tsliġe, a nuáir luiḋfios tú síos, agus a nuáir éireoċus tú súas.
Aṁáin taḃair aire ḋuit féin, agus coiṁéud ṫanam go dúṫraċdaċ, deagla go ndearmadfá na neiṫe do ċonnairc do ṡúile, agus deagla go scairfaidís ré do ċroiḋe uile laéṫeaḋ do ḃeaṫá: aċd múin dod ṁacuiḃ íad, agus do ṁacuiḃ do ṁac;
Agus múinfiḋ tú go dúṫraċdaċ dod ċloinn íad, agus laiḃeóruiḋ tú orra a nuáir ṡuiḋfeas tú ann do ṫiġ, agus a nuáir ṡiuḃólas tú an tsliġe, agus a nuáir luíḋḟeas tú síos, agus a nuáir éireoċus tú súas.