Oír is marso a déaruiḋ an Táon árd úaċdaraċ noċ áitreaḃus a siorruiġeaċd, darab ainm Náomṫa; áitreaḃad ann sa náit áird agus náoṁṫa, agus maille ris an té atá do spioruid ċoṁmbrúiġte agus uṁail, daiṫḃéoġaḋ spioraide na nuṁal, agus daiṫḃéoġaḋ croiḋe na druinge ḃios coṁmbrúiġte.
Annsa namsin féin dfill mo ċíall ċugam; agus air son ġlóire mo rioġaċda, dfill monóir agus mo ḋéalraḋ ċugam; agus díarradar mo ċoṁairliġ agus mo ṫiġearnaḋa mé; agus do ḋaingniġeaḋ ann mo rioġaċd mé, agus tugaḋ tuilleaṁ mórḋaċd oirḋearca ḋaṁ.
Oír as beag an tarḃa a dtéid an cleaċdaḋ corparrḋa: aċd is tarḃaċ an díaġaċd ċum na nuile neiṫeann, agá ḃfuil geallaḋ na beaṫa atá a laṫair, agus ċum teaċda.