Agus do ḃí Ióseṗ trioċad bliáḋan dáois a nuáir do ṡeas se a laṫair Ṗárao ríġ na Hégipte: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ as fiaġnuisi Ṗárao, agus do ċuaiḋ ar feaḋ críċe na Hégipte.
Atá críoċ na Hégipte as do ċoinne; ann sa ċuid is féarr don tír cuir haṫair agus do ḋearḃraiṫre na gcoṁnuiġe; áitreaḃaidis a ḃfearann Gosen: agus más aiṫne ḋuit aonduine cumusaċ na measg, ann sin deana uaċdarán díoḃ os cionn máirnéisi.
¶ Agus do ṫógḃadar leó Asahel, agus do aḋlaiceadar é a ttúama a aṫar noċ do ḃí a Mbet‐lehem. Agus dimṫiġ Ióab agus a ṁuinntir ar feaḋ na hoiḋċe, agus tangadar go Hébron ag éirġe laé.
Agus do ḃí an duine sin Ieroboam na ḋuine arraċdaċ a ngaisgiḋe: agus mar do ċonnairc Solaṁ go raiḃ an tógánaċ tionnscantaċ, do rinne sé úaċdaran de ós cionn ċúruim ṫiġe Ióseṗ uile.
Agus do coṁráiḋ an ríġ ríu; agus níorfriṫ áon iona measg uile cosṁuil ré Dániel, Hananiah, Misael, agus re Hasariah: uimesin do ṡeasadar a laṫair an ríġ.
Clann ann naċ raiḃ aineaṁ ar bioṫ, aċt íad sgíaṁaċ, agus glic ann sa nuile eagna, agus géarċúiseaċ san nuile éolus, agus ealaḋuin ṫuigsionuiġ, agus drong agá raiḃ cumas ionta ċum seasta a bpálás an riġ, agus da múinfedís foġluim agus teanga na Ccaldeánaċ.
Agus a duḃairt a ṫiġearna ris, Is maiṫ sin, a ṡearḃḟoġantuiḋe ṁáiṫ ḟírinniġ: do ḃí tu ionnruic ar ḃeagán, cuirfuḋ mé ós cionn ṁóráin ṫú: imṫiġ a sdeaċ a ngáirdeaċus do ṫiġearna féin.
A duḃairt a ṫiġearna ris, Is maiṫ sin, a ṡearḃḟoġantuiḋe ṁaiṫ ionnruic; do ḃí tu ionnruic a mbeagan, cuirfiḋ misi ós cionn ṁoráin ṫú: imṫiġ a sdeaċ a ngáirdeaċas do ṫiġearna féin.