Seanraite 22:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)23 Oír taigeoruiḋ an TIĠEARNA a ccúis, agus millfiḋ sé anam an té ṁillios íadsan. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus tiucfa mé láiṁ riḃ ċum breiṫeaṁnuis; agus biáiḋ mé am ḟíaḋnuisi luáṫ a naġaiḋ na bpiseógaċ, agus a naġaiḋ na naḋaltrannaċ, agus a naġaiḋ na néiṫeaċ, agus a naġaiḋ ṁealltaċ na seirḃíseaċ iona dtúarusdal, na baintreaḃṫuiġe, agus an dilleaċda, agus iompoiġios do leaṫ taóiḃ an coimbṫiġeaċ agus naċ eagluiḋionn roṁamsa, a deir TIĠEARNA na slóġ.
¶ Agus a núair do ċúaluiḋ Dáiḃi gur éug Nábal, a duḃairt sé, Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, noċ do ṫagair cúis mo scanla as láiṁ Nábal, agus do ċonnuiṁ a ṡearḃḟoġantuiġ ó olc do ḋéanaṁ: óir dfill an TIĠEARNA urċóid Nábal ar a ċeann féin. Agus do ċuir Dáiḃí teaċda úaḋ, agus do ċoṁráiḋ sé ré Habigail, da gaḃáil ċuige na mnáói.