2 Teagṁaiḋ an saiḋḃir agus an boċt ré ċeile: ise an TIĠEARNA a ccruṫaiġṫeóir uile.
Naċ é an té do rinne misi annsa mbroínn do rinne eision? agus naċ áon do ċum sinn annsa mbroinn?
Ca ṁéad ní is luġa ris an té naċ ccuirionn suim a bpearsannuiḃ na bprionnsaḋ, agus naċ measann an saiḋḃir ní is mó na an boċd? óir is íad uile oibreaċ a láṁ.
An té ṡáruiġios an boċt masluiġiḋ sé a Ċruṫaiġṫeoir: an té onoruiġios é bí trócaire ann don ḃoċt.
Teagṁuiḋ an boċt agus an clúanaire re ċéile: soillsiġiḋ an TIĠEARNA a súile araon.
Agus ní héidir ris an tsúil a ráḋ ris an láiṁ, Ni ḃfuil feiḋm agum ort: nó a rís don ċeann ris na cosaiḃ, Ni ḃfuil féiḋm agum oraiḃse.
Sé an TIĠEARNA do ní daiḋḃir, agus do ní saiḋḃir: cuirfiḋ sé síos, agus togḃuiḋ sé súas.