19 Ċor go mbía do ṁuiniġin annsa TIĠEARNA, dfoillsiġ mé ḋuit a niuġ, ḋuitse féin.
Cuiriḋ ḃur ndóiġ ann a ccoṁnuiġe; siḃsi a ḋaoine, dóirtiġe amaċ ḃur ccroiḋe dá laṫair: isé Día is dídion ḋúinn. Selah.
Naċ ar scrioḃ mé ḋuit neiṫe oirḋearca a ccoṁairleaċaiḃ agus a néolus,
Cuir do ḋóiġ a Ndía re do uile ċroiḋe; agus ná bí táoḃ ré do ṫuigsi féin.
Féuċ, is Día mo ṡlánaiġṫeóir; bím doṫċusaċ ann, agus ní ḃía eagla orum: óir isé an TIĠEARNA IEHOḂAH mo neart agus mó ċaintic; sé fós mo ṡlánuġaḋ é.
Dóṫċusáiḋ annsa TIĠEARNA go bráṫ: óir is annsa TIĠEARNA IEHOḂAH atá an neart síorruiḋe:
Is beannuiġṫe an duine ḋóṫċusuiġios annsa TIĠEARNA, agus gur bé an TIĠEARNA a ṁuiniġinn.
Noċ ṫrídsean ċreideas a Ndía, do ṫóg súas é ó ṁarḃuiḃ, agus tug gloir ḋó; ionnus go mbeiṫ ḃur gcreideaṁ agus ḃur muiniġin a Ndía.