Ar son sáruiġṫe na mboċd, ar son osnaḋaċ na neasḃaḋaċ, anois éireoċa mé, (a duḃairt an TIĠEARNA); cuirfé mé eision a neaṁbaoġal ón té do ċuirfeaḋ a ngaiste é.
¶ Má ċí tú fóirneart air an mboċt, agus cláonaḋ éigiontaċ breiṫeaṁnuis agus ceirt a bproiḃinnse, ná bíoḋ iongnaḋ agad annsa ċúis: óir airiġiḋ an té is airde ná an té is ro áirde: agus atá ann ní is áirde ná íadsan.
Agus ar néiṁġe ḋósan an tansin a duḃairt sé, A aṫair Abraham, déana trócaire oram, agus cuir Lásarus do ṫumaḋ barr aṁeóir a nuisge, agus dfúaraḋ mo ṫeangṫa: óir ataim dom roiṗíanaḋ an sa lasairsi.