Is olc so a measg na huile neiṫe dá ndéantar faói an ngréin, go ḃfuil aóinċinneaṁuin aca uile: atá fós, croiḋe ċloinne na ndaóine lán dolc, agus do ḃuile iona ccroiḋe an fad ṁairfid síad, agus na ḋiáiġsin tíaġaid ċum na marḃ.
Ni haiṫnid dóiḃ sliġe na síoṫċána; agus ni ḃfuil breiṫeaṁnus ar biṫ iona nimṫeaċduiḃ: do rinneadar ḋóiḃ féin sliġṫe cama: giḋ bé ṫéid annsin ní ḃía fios síoṫċána aige.
Glanfuiġear mórán, agus do ḋéantar geal, agus deirḃeoċṫar íad; aċt do ḋéanuid na droċḋaoine go holc: agus ní ṫuicfid áon do na ciontaċaiḃ; aċt tuicfid na heagnuiḋe.
Atáid na huile neiṫe go deiṁin glan don druing atá glan: aċd don druing atá salaċ agus gan ċreideaṁ ni ḃfuil éinní glan; aċd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salaċ.
Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ.
Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.
Ní do réir na noibriġṫeaḋ ḃfiréunnda do rinneamairne, aċd do réir a ṫrócaire féin do ṡáor sé sinn, tré ionnlaḋ na haiṫġineaṁna, agus tré aṫnúaḋuġaḋ an Spiorad Náoiṁ;