A ṪIĠEARNA, ní ḃfuil mo ċroiḋe árd, ní mó atáid mo ṡúile ar na ttógḃáil súas: agus níor ṡiuḃlas a naḋḃaraiḃ móra, agus a neiṫiḃ iongantaċa is áirde ná mé.
Uimesin tiucfa a ccríċ, a nuáir ċrioċnoċus an Tiġearna a obair iomlán ar ṡliaḃ Sion agus ar Ierusalem, dioġoluiḋ mé toraḋ an ċroiḋe uáiḃriġ ar ríġ na Hassiria, agus glóir a raḋairc aird.
¶ Tuilleaṁ oile a deir an TIĠEARNA, Do ċionn go ḃfuilid inġeana Sion uallaċ, agus go siuḃluiġid lé muinealuiḃ sínte amaċ agus le súiliḃ míonáireaċ, ag imṫeaċd agus ag gearraḋ mar imṫiġid, agus ag déanaṁ fuáime le na ccosuiḃ:
A sí an tsúil solus an ċuirp: ar a naḋḃarsin a núair ḃias do ṡúil glan, biáiḋ do ċorp uile soillseaċ; aċd dá raiḃ do ṡúil go holc, biáiḋ do ċorp mar an gcéadna dorċa.
Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.