Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċúala Ahiiah torann a cos, mar ṫáinic sí a steaċ san dorus, go nduḃairt só ría, Tár a steaċ, a ḃean Ieroboam; créd fá leigion tú ort gur bean oile ṫú? óir do cuireaḋ misi ċugad lé teaċdaireaċd ḋoíliġ.
Agus a duḃairt óglaċ dá ṁuinntir, Ni ḃfuil éanduine, a ṫiġearna mo ríġ: aċ Elisa, an fáiġ atá ann Israel, inniseas do ríġ Israel na bríaṫra laḃras tusa ann do ṡeómra leapṫa.
A ṁairg don té ṫroideas ré na Ċruṫaiġṫeoir! Déanaḋ an pota bruiġean re potuiġiḃ don talaṁ. A naibéora an ċré ris an té ċumas í, Créd do ni tú? nó hobairse, Ní ḃfuilid láṁa aige?
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
Agus a deirim riḃ a nois, Seaċnuiḋ siḃ féin ar an muinntirse, agus léigiḋ ḋóiḃ: oír más ó ḋáoiniḃ ṫig an ċóṁairle nó a nóbairse, cuirfiġṫear a neimbríġ é.