O a ṪIĠEARNA, naċ ḃfúilid do ṡúile air an ḃfírinne? do ḃuáil tú íad, aċt ní raiḃ doilġios orra; do ḋíoḃáiḋ tú íad, aċt do ḋíultadar smaċd dó ġlacaḋ: do rinneadar a naiġṫe ní as cruáiḋe ná carruic; do ḋíultadar filleaḋ.
An raiḃ náire orra a núair do rinneadar gráineaṁlaċt? ní heaḋ, ní raiḃ náire orra ar aonċor, ní mó dféadadar deargaḋ: uimesin tuitfid siad a measg na druinge ṫuitfíos: a naimsir a ccúarta teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA.