Eistiġ riomsa, a ḋrong leanas a ndiáiġ na fíréantaċda, a luċt iarrus an TIĠEARNA: féuċuiḋ ar an ccarruic as ar snoiġeaḋ siḃ, agus ar ṗoll an luig as ar toċlaḋ siḃ.
Annsin aiṫeonam, ma ṫéiġmid air ar naġaiḋ daiṫniuġaḋ an TIĠEARNA: atá a ḋul amaċ ullaṁ mar an ṁaidin: agus tiucfa sé ċugainn mar a nfearṫuinn, mar a nfearṫuinn deiġionuiġ agus ṫosuiġ ċum na talṁan.
Uime sin, a ḋearbraiṫre gráḋaċa, bíġiḋ coṁnuiġeaċ, neaṁċorraċ, ag méuduġaḋ do ṡíor a nobair an Tiġearna, ar mbeiṫ a ḟios aguiḃ naċ dioṁáoin ḃur sáoṫar sa Dtiġearna.
Ní hé go ráinic mé ċeana, nó go ḃfuilim fos ar dteaċd ċum críċe: aċd atáim ag rioṫ, dféuċain an dtiucfaḋ ḋíom fós breiṫ uirrṫe do ḃríġ go rugaḋ oram ċeana ré Iósa Críosd.
Seaċuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntaċd, do ċreideaṁ, do ġráḋ, do ṡíoṫċáin, maille ris an druing ġoireas air an Dtíġearna ó ċroiḋe ġlan.
Ionnus go ḃfuiġṫiġ dearḃaḋ ḃur gcreidiṁ, is rouáisle na ór ṫéid air neiṁní, bíoḋ go ndearḃṫar é lé teine, na ṁolaḋ agus na onóir agus na ġlóir an tan ḟoillseóċas Iósa Críosd é féin: