Gaċ uile ḋuine fós dá ttug Día saiḋḃrios agus maóin, agus dá ttug sé cuṁaċta íṫe ḋe, agus a ċoṁroinn do ġlacaḋ, agus sólásuġaḋ ann a ṡáoṫar; sé so tioḋlacaḋ Dé.
Aċt do fríṫ deiṫneaṁar fear iona measc a dúḃairt re Ismael, Ná marḃ sinne: óir atá ionnṁus aguinn annsa ṁaċaire, do ċruiṫneaċd, agus déorna, agus dola, agus do ṁil. Annsin do ċoisc sé, agus níor ṁarḃ sé íad a measc a ndearḃráiṫreaċ.
Do ḃeir an duine maiṫ ní maiṫ as cisde maiṫ a ċroiḋe féin; agus do ḃeir an droċ ḋuine droċ ní as droċ ċisde a ċróiḋe fein: oír is as iomarcuiḋ an ċróiḋe, laḃrus an béal.