Cuirṫear san úaiḋ íad mar ċáorċaiḃ; iosfuiḋ an bás íad; biáiḋ úaċdaránaċd ag an ḃfíréun orra air maidin; agus cnaóifiġear a mbréaġḋaċd san úaiḋ as a nionad coṁnuiġe.
¶ Aċt an tan ḟillios an fíréun ó na ḟíréuntaċt, agus do ní éigceart, do réir na nuile ġraineaṁlaċt noċ do ní an droċ ḋuine, an mairfiḋ sé sin? Ní luáiġfíġear a uile ḟíréantaċt dá ndéarna sé: iona ṡáruġaḋ ar ṡáruiġ sé, agus iona ṗeacaḋ ar ṗeacaiḋ sé, do ġeaḃa sé bás ionta sin.
Do ċúadar amaċ as ar measgne, oir ní raḃadar ḋínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deiṁin má ráon rinn: aċd dimṫiġeadar uainn, ionnus go maḋ follas naċ dínne íad uile.
As buill ċáiḋeaċa íad so ann ḃur ḃféusduiġiḃ grádga, an tan ḃíd ar ḟéusda maille riḃ, dá mbeaṫuġaḋ féin gan ḟaitċeas ar biṫ: neóill gan uisge, dá mbreiṫ fá gcuáirt ris na gáoṫuiḃ; crainn do ṁeaṫ, ar naċ ḃfuil toraḋ, do éug fá ḋó, ar na mbuáin as a ḃfréuṁaċ;