Agus abruiḋsi ós a ċionn sin, Féuċ, atá do ṡerḃíseaċ Iácob ar ndíaiġ. Oir a duḃairt, Ceinnseoċuiḋ mé é leis an mbronntanas raċas roṁam, agus na ḋiáiġ sin do ċífe mé a ġnúis; do bféidir go ngéuḃaḋ sé mo ġnúis ċuige.
Agus a duḃairt Israél a naṫair ríu, Más éigion a ḃeiṫ mar sin a nois, déanuiġ so; beiriġ liḃ na tórrṫa is féarr sa tír ann ḃur soiṫiġiḃ, agus beiriḋ síos ċum a nóglaoiċ tioḋlacaḋ, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó, agus almoinne:
Mar sin do ġlac Dáiḃi as a láiṁ gaċ ní dá ttug sí ċuige, agus a duḃairt sé ría, Imṫiġ súas a síoṫċáin ċum do ṫiġe; féuċ, déist misi red ġlór, agus do ġlac mé go maiṫ do ġnúis.